Astaróideach 2000 SG344
Tá na réalteolaithe ag tuar go sroichfidh astaróideach réasúnta mór comharsanacht an domhain. SG344 nó "Dreigeoideach 2030" atá mar ainm ar an astaróideach seo, agus tá a lorg á leanúint ag réalteolaithe ar fud an domhain. Ceapann na réalteolaithe go sroichfidh an t-astaróideach comharsanacht an domhain i Mí Mheán Fómhair na bliana 2030.
![]() | |
---|---|
Ainmniú sealadach | 2000 SG344 ![]() |
Cineál | astaróideach agus Dlúth-theagmhálach leis an Domhan |
Grúpa mionphláinéid | Aten asteroid (en) ![]() |
Fionnachtaí | David J. Tholen ![]() |
Dáta fionnachtana | 2000, Réadlann Mauna Kea |
Réad tuismitheora | An Ghrian |
Aois | 13 Meán Fómhair 2023 ![]() |
Sonraí fithiseacha | |
Féach ar an staid reatha | |
Apaipsis | 1.04266 AU[1] ![]() |
Pearaipsis | 0.91202 AU (arg (ω): 275.54022)[1] ![]() |
Ais mhór a | 0.97733950716188 AU[2] |
Éalárnacht e | 0.066888 0.066832599101248[2] |
Tréimhse fhithiseach P | 352.91214875198 d[2] |
Meán-Aimhrialtacht M | 179.6549 °[1] ![]() |
Claonadh i | 0.11280937557364 °[2] |
Fad an nóid éirithigh Ω | 191.75303015754 °[2] |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Dearbhmhéid | 24.7[1] ![]() |
Mais | 71,000 t ![]() |
Catalóga réalteolaíochta | |
Aitheantóir JPL | 3054374 ![]() |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/9a/Asteroid-Bennu-OSIRIS-RExArrival-GifAnimation-20181203.gif/220px-Asteroid-Bennu-OSIRIS-RExArrival-GifAnimation-20181203.gif)
Tréithe
Meastar go bhfuil SG344 chomh mór le hárasán, idir 30m agus 70m ar trastomhas.
Ní fios an oighear, nó gairbhéal, nó carraigeacha móra nó iarann atá ann. Más oighear nó gairbhéal atá ann, is má bhuaileann sé leis an domhan, dhealódh sé ó chéile agus dhófaí go hiomlán san atmaisféar é, sula sroichfidh sé dromchla an domhain. Ní dhéanfaidh sé dochar ar bith agus í chuirfeadh sé sin isteach ar an domhan ar chor ar bith.
Ach más carraigeach nó miotalach é, agus má bhuaileann SG344 i gcoinne an domhain (tá seans amháin as 417 go dtarlóidh sé sin), d'fhéadfadh pléasc cúpla meigeatonna tarlú, céad oiread níos cumasaí ná an buama adamhach a mhill Hiroshima na Seapáine i 1945: bheadh a leithéid inchurtha leis an imbhualadh astaróidigh a tharla i dTunguska na Sibéire i 1908.
Stair
I Mí Mheán Fómhair na bliana 2000 tháinig réalteolaithe ar astaróideach réasúnta mór.[3] Tháinig D. J. Tholen, and R. J. Whiteley ar SG344 ar 29 Meán Fómhair 2000.[4]