Ardscoil Mhuire
Is meánscoil dheonach Chaitliceach do chailíní í Ardscoil Mhuire atá suite i Meacnaigh, in aice le Béal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe.[1] Is faoi iontaobhas CEIST (Iontaobhas na hÉireann um Oideachas Caitliceach) é.[2]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | scoil ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1919 |
Suíomh gréasáin | ardscoilmhuire.com ![]() |
Stair
Bhunaigh Siúracha na Trócaire Ardscoil Mhuire i mBéal Átha na Sluaighe in 1919. I mí Eanáir 2003, bhog an scoil go dtí an láthair reatha i Meacnaigh.[2]
An 9 Márta 2019, tionóladh Lá na hOidhreachta i gcomhthráth le comóradh 100 bliain na scoile,[3] agus cuireadh tús leis an gceiliúradh ar an 5 Feabhra 2019.[4]
Is í Pádraigín Ní Ghiolla Chaillin príomhoide na scoile faoi láthair (2020).[5][6]
Curaclam
Cuireann an scoil timthriallta an Teastais Shóisearaigh agus an Ardteistiméireachta agus timthriall Idirbhliana ar fáil.[7][8] Cuireann Ardscoil Mhuire na ábhair thábhachtacha go léir ar fáil, mar aon le ealaíona ceoil, urlabhra agus drámaíocht, tíos, díospóireachtaí, labhairt go poiblí agus clár teicneolaíochta.[9]