Aosú
Is éard is aosú nó dul in aois[2] ann ná an próiseas aosaithe (Béarla: ageing nó aging).
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8a/Nowruz_2017_in_Bisaran%2C_Kurdistan_province.jpg/220px-Nowruz_2017_in_Bisaran%2C_Kurdistan_province.jpg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/36/The_seven_pillars_of_aging.jpg/220px-The_seven_pillars_of_aging.jpg)
Tagraíonn an téarma go príomha do dhaoine, go leor ainmhithe eile, agus fungais. Ach d'fhéadfadh baictéir, plandaí ilbhliantúla agus roinnt ainmhithe simplí a bheith neamhbhásmhar ó thaobh na bitheolaíochta de.[3] Sa chiall is leithne, is féidir le haosú tagairt a dhéanamh do chealla aonair laistigh d’orgánach a bhfuil deireadh leo ag deighilt, nó do dhaonra speicis (mar shampla aosú an phobail).[4]
Aosú i ndaoine
I ndaoine, is ionann aosú agus carnadh athruithe i ndaoine le himeacht ama agus féadann leis athruithe fisiceacha, síceolaíochta agus sóisialta a chuimsiú.[5] Tarlaíonn sraith athruithe don cholainn a mbíonn gaol acu le méadú mortlaíochta de réir mar a mhéadaíonn an aois.[6]
Bitheolaíocht
Léargas amháin ar an bpróiseas is ea teip na colainne oiriúnú d'athruithe sa chomhshaol (a mhéadaíonn go leanúnach). Sna teoiricí nua-aoiseacha ar an laghdú oiriúnachta seo, meastar gur de bharr earráidí i macasamhlú an ADN i gcilldeighilt agus/nó earráidí i dtáirgeadh próitéiní is einsímí ag na cealla a tharlaíonn sé. Camann na hearráidí seo mar thoradh ar athruithe san ábhar géiniteach de réir mar a théann indibhid in aois.[6]
Siomptóim
Méadaíonn aosú an baol a bhaineann le galair daonna cosúil le hailse, galar Alzheimer, diaibéiteas, galar cardashoithíoch, stróc agus go leor eile.[7][8] Is iomaí siomptóm atá ann: mar shampla, moilliú le haois (aga freagartha níos moille) agus díchuimhne. De réir mar a mhéadaíonn líon na mblianta, téann an cumas intinne in olcas. Tá lear suntasach de dhaoine atá os cionn ceithre scór lagaithe, a bheag nó a mhór, ó thaobh cuimhne agus ábaltacht intinne. D’fhéadfadh an figiúir a bheith idir 50% agus 60% acu.
Tá cailliúint shuntasach chuimhne agus cumas inchinne ag 90% de dhaoine atá os cionn 90 bliain d’aois, Agus tá cailliúint cumas inchinne agus intinne ar 100% de dhaoine a bhfuil an 100 caite amach acu.[9]
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- An Straitéis Náisiúnta um Aosú Dearfach[11]
- Institiúid Mercer um Aosú Bisiúil[12]
- Líonra don Aosú Folláin / Ageing Well Network (2011)[13]
- Age Friendly Ireland.[14]