An tSamhail Nordach

Tagraíonn An tSamhail Nordach (ar a dtugtar freisin An Caipitlíocht Nordach [1] nó An Daonlathas sóisialta Nordach)[2][3] do na beartais eacnamaíocha agus sóisialta atá coitianta sna tíortha Nordacha (an Danmhairg, an Fhionlainn, an Iorua, an Íoslainn, Oileáin Fharó agus an tSualainn). Áirítear leis seo stát leasa lánchuimsitheach agus idirbheartaíocht  chómhargála ar an leibhéal náisiúnta agus ardchéatadán den lucht oibre ceardchumannaithe, agus é bunaithe ar bhunaíochtaí eacnamaíocha caipitleachais an tsaormhargaidh.[4][5][6]Tarraingíodh aird ar an tsamhail Nordach tar éis an Dara Cogadh Domhanda.[7][8].

Cé go bhfuil difríochtaí suntasacha ann i measc na dtíortha Nordacha, bíonn roinnt tréithe coiteann acu ar fad. Áirítear orthu sin tacaíocht do stát leasa "uilíoch" atá dírithe go sonrach ar fheabhas a chur ar neamhspleáchas aonair agus ar shoghluaisteacht shóisialta a chur chun cinn; [[Corparáideachas|córas corparáideach a bhaineann le socrú trípháirteach ina ndéanann ionadaithe saothair agus na bhfostóirí idirbheartaíocht ar phá agus ar pholasaí an mhargaidh saothair faoi stiúir an rialtais[9]; agus tiomantas d'úinéireacht phríobháideach, saormhargaí [10], agus saorthrádáil [11].

Tá a samhlacha eacnamaíocha agus sóisialta féin ag gach ceann de na tíortha Nordacha, uaireanta le difríochtaí móra óna comharsana.[12] De réir an tsocheolaí Lane Kenworthy, i gcomhthéacs an tsamhail Nordaigh, ciallaíonn "daonlathas sóisialta" sraith polasaithe chun slándáil agus deis eacnamaíoch a chur chun cinn laistigh de chreat caipitlíochta seachas athsholáthar caipitleachais.[13]

Forbhreathnú

"Léiríonn "An tSamhail Nordach - ag glacadh le domhandú agus rioscaí a roinnt" (Béarla: "The Nordic Model: Embracing globalization and sharing risks") an córas seo a leanas: [14]

  • Líontán sábhála sóisialta ilchineálach, chomh maith le seirbhísí poiblí cosúil le saoroideachas agus cúram sláinte uilíoch[14] i gcóras maoinithe ag cáiníocóirí den chuid is mó.[15]
  • Tréanchearta chun maoine, forfheidhmiú conaradh, agus éascaíocht iomlán ar ghnó a dhéanamh.[16]
  • Pleananna pinsin phoiblí.[14]
  • Saorthrádáil in éineacht le comhroinnt riosca comhchoiteann (cláir shóisialta, institiúidí an mhargaidh saothair) a sholáthair méid áirithe cosanta i gcoinne na rioscaí a bhaineann le hoscailteacht eacnamaíoch.[14]
  • Rialachán beag ar mhargadh táirgí.[14]
  • Leibhéil ísle caimiléireachta.[14]
  • Ardchéatadán oibrithe a bhaineann le ceardchumann.[17]

Tagairtí

Léitheoireacht bhreise

  • Booth, Michael (2015). "The almost nearly perfect people: behind the myth of the Scandinavian utopia". London: Vintage Books. 
  • "The Nordic Model of Social Democracy" (2013). Basingstoke: Palgrave Macmillan. 
  • Bucken-Knapp, Gregg (2009). "Defending the Swedish model: Social Democrats, trade unions, and labor migration policy reform". Lanham: Lexington Books. 
  • "The Nordic model of welfare: a historical reappraisal" (2006). Copenhagen: Museum Tusculanum Press. 
  • Hilson, Mary (2008). "The Nordic model: Scandinavia since 1945". London: Reaktion. 
  • Kenworthy, Lane (2014). "Social Democratic America". Oxford New York: Oxford University Press. 
  • Kvist, Jon (2012). "Changing social equality: the Nordic welfare model in the 21st century". Bristol: Policy Press. 
  • Lakey, George (2016). "Viking economics: how the Scandinavians got it right - and how we can, too". Brooklyn: Melville House. 
  • Partanen, Anu (2017). "The Nordic theory of everything: in search of a better life". New York: HarperCollins. 
  • "Nordic lights: work, management and welfare in Scandinavia" (2013). Stockholm: SNS Förlag. 
  • Tyler, Meagan (2016), "Ten myths about prostitution, trafficking and the Nordic Model", in Tankard Reist, Melinda; Norma, Caroline (eds.), Prostitution narrative: stories of survival in the sex trade, North Melbourne, Victoria: Spinifex Press, pp. 213–226, ISBN 9781742199863. {{citation}}: Invalid |ref=harv (cabhair)
See also: "10 myths about prostitution, trafficking, and the Nordic model".