An tAcht Laghdaithe Boilsciú (acht aeráide na S-A), 2022
- Alt
- Plé
Cineál | bill (en) Act of Congress in the United States (en) | |||
---|---|---|---|---|
Fógairt | 117ú Comhdháil na Stát Aontaithe | |||
Príomhábhar | boilsciú 2021–2023 inflation surge (en) | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Baint le limistéar údaráis | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Joe Biden | ||||
Sínitheoir | ||||
Cúis | 2021–2023 inflation surge (en) | |||
Ar 17 Lúnasa 2022, chuir Joe Biden,̟ Uachtarán na Stát Aontaithe, a lámh leis an tAcht Laghdaithe Boilsciú, 2022 (the Inflation Reduction Act), an dlí "is suntasaí ar son na haeráide dár reachtaíodh riamh i stair Mheiriceá" go dtí an pointe seo.[1][2][3]
Meastar go bhféadfadh an tAcht na hastaíochtaí ó bhreoslaí iontaise na Stát Aontaithe a laghdú agus go mbeidís 41%-42% faoin leibhéal ag a rabhadar in 2005 faoin mbliain 2030.[4]
Sa bhliain 2018, bhí na Stáit Aontaithe freagrach as 12% d’astaíochta gás teasa (GCT[5]) na cruinne (C02e).[6][7][8] Má chomhairtear na hastaíochtaí ar fad ó bhreoslaí iontaise ó 1750, is mó a tháirg SAM ná aon tír eile ar domhan.[9]
Faoin reachtaíocht seo, cuirfear $369 billiún ar fáil mar mhaoiniú chun acmhainní fuinnimh inathnuaite a neartú agus astaíochtaí ceaptha teasa a laghdú.
An sprioc atá leis an reachtaíocht seo go mbeadh billiún tonna de laghdú ar astaíochtaí gásanna ceaptha teasa na Stát Aontaithe in 2030. Faoin mbliain 2030, meastar nach mbeidh ach 9.7% de leictreachas na Stát Aontaithe á fháil ó ghual, tionscal atá ag dul i léig ansin le fada.
Cé go raibh an gás nádúrtha mar fhoinse fuinnimh ag ardú thall le tamall, meastar go mbeidh a úsáid sin freisin laghdaithe 28% sa bhliain 2030.
Cháin na polaiteoirí is forásaí nó is liobrálaí sa Chomhdháil an bille seo toisc é a bheith níos teoranta ná an uaillmhian a bhí ag an Uachtarán Biden leis an ‘Acht Atógála Níos Fearr’. Ach theip air dóthain tacaíochta a fháil don acht sin agus a bhuíochas do na forálacha ar son na haeráide atá san Acht Laghdaithe Boilsciú seo, glacadh leis.[9]