An feachtas ar son oscailt Scoil Dhún Chaoin
Tharla an feachtas ar son oscailt Scoil Dhún Chaoin.idir 1970-1973, ceann de na feachtais is cáiliúla i stair na Gaeltachta agus na teanga.[1] Tharraing an tslí ar sheas an pobal is iargúlta sa Ghaeltacht an fód ar son a gcearta aird na tíre go léir ag an am.[2]
Cineál | feachtas polaitiúil |
---|---|
Bailíocht | 1970 - 1973 |
Tír | Éire |
Imeachtaí
Rinne an Roinn Oideachais iarracht an scoil a dhúnadh sa bhliain 1970 agus na leanaí a aistriú go Scoil an Fheirtéaraigh.
Sheas muintir Dhún Chaoin go láidir i gcoinne cinneadh an Rialtais. D’éirigh cuid mhaith de phobal na tíre laistiar dóibh ina gcuid iarrachtaí a scoil bheag féin agus a bpobal féin a choimeád ina mbeatha.
Sheas daoine ar nós Máire Mhac an tSaoi agus Breandán agus Máire Feirtéar isteach chun na leanaí a mhúineadh go deonach. Tháinig Mícheál Ó Dúbhshláine, múinteoir óg ó Chill Dara chun múineadh sa scoil sa bhliain 1970, gan tuarastal ná aitheantas ón Roinn Oideachais. Sheas muintir Dhún Chaoin leis agus chabhraíodar leis in aon slí go bhféadfaidís.[3] Lean an scéal mar seo ar feadh trí bliana.
Eagraíodh mhórshiúl ó Dhún Chaoin go dtí Baile Átha Cliath ar son athoscailt na scoile i 1971 agus cuireadh ceirnín amach. Ach ní ar son na scoile amháin a bhí an mórshiúl cáiliúil sin. Bhí sé dírithe ar chearta mhuintir na Gaeltachta a chaomhnú. Úsáideadh an scoil mar uirlis chun an scéal mór sin faoin nGaeltacht a chur i láthair an rialtais.[2]
Tharla olltoghchán ar 28 Feabhra 1973 agus tháinig athrú Rialtais (Fine Gael / Lucht Oibre).[4] agus tugadh aitheantas don scoil arís.
Faoi dheireadh, ag deireadh seachtaine na Cincíse 1973, a fuarthas an dea-scéal go raibh rath ar an bhfeachtas chun Scoil Naomh Gobnait a choimeád oscailte. Ceapadh Mícheál Ó Dúbhshláine go hoifigiúil mar phríomhoide na scoile.[3]