Amscála geolaíoch
Soláthraíonn an t-amscála geolaíoch córas le haghaidh tomhais chroineolaíocha ina gcuirtear stratagrafaíocht i gcomparáid le tréimhse ama a bhíonn in úsáid ag geolaithe, pailé-ointeolaithe agus domhaneolaithe eile chun cur síos a dhéanamh ar an t-uainiúchán agus an caidreamh idir imeachtaí a tharla le linn stair an Domhain.
Go dtí tús an 19ú céad chreid beagnach gach éinne nach raibh an Domhan ach na mílte bliain d'aois agus a chruth — na sléibhte, na farraigí, na haibhneacha, na hoileáin, na hilchríocha — gan athrú ó thús ama. Ansin d'fhoilsigh an geolaí Albanach Charles Lyell a leabhar Principles of Geology (Prionsabail na Geolaíochta, 1830) inar chuir sé síos ar a choincheap go raibh an Domhan á athrú an t-am ar fad. De réir a chéile glacadh leis an dearcadh seo go forleathan, agus thar na blianta rinne geolaithe staidéar ar na sraitheanna éagsúla carraigeacha is na hiontaisí de neacha beo a bhí stalctha iontu. Ón srathú geolaíoch agus le cabhair dátaithe gheolaíoch, tá na geolaithe tar éis aois iomlán an Domhain, 4,600 milliún bliain, a roinnt ina 4 ré: an ré Réamh-Chaimbriach a lean ar feadh 4,000 milliún bliain, an ré Phailéasóch timpeall 590-250 milliún bliain ó shin, an ré Mhéiseasóch timpeall 250-65 milliún bliain ó shin, agus an ré Chaenasóch ó 65 milliún bliain ó shin go dtí an lá inniu. Fo-roinntear an 3 ré dheireanach seo ina dtréimhsí áirithe freisin. Go ginearálta faightear fianaise an-lag den bheatha, aoncheallach den chuid is mó, sa ré Réamh-Chaimbriach. Sa ré Phailéasóch thosaigh orgánaigh ilcheallacha is éisc ag teacht chun cinn, agus roinntear an ré seo mar seo: an tréimhse Chaimbriach (590-500 milliún bliain ó shin), an tréimhse Ordaivíseach (500-435 milliún bliain ó shin), an tréimhse Shiolúrach (435-408 milliún bliain ó shin), an tréimhse Dheavónach (408-360 milliún bliain ó shin), an tréimhse Charbónmhar (360-280 milliún bliain ó shin), agus an tréimhse Pheirmeach (280-250 milliun bliain ó shin). Ré na ndineasár a bhí sa ré Mhéiseasóch, agus na péisteanna ceannasach ar fud an Domhain. Sa tréimhse Thriasach, 250-195 milliún bliain ó shin, tháinig na dineasáir i réim agus thosaigh Pangaea ag titim as a chéile. Ansin bhí an tréimhse Iúrasach, 195-140 milliún bliain ó shin. Sa tréimhse Chailceach, 140-65 milliún bliain ó shin, fuair na dineasáir uile bás. Le teacht na ré Caenasóiche tháinig na mamaigh i réim ar Domhan. Tugtar an tréimhse Threasach ar an idirlinn, 65-2 mhilliún bliain ó shin, agus an tréimhse Cheathartha ar an tréimhse ó shin i leith.[1]
Amscála geolaíoch
Aeón | Ré | Tréimhse | Sealadh | Aois | Am ó shin (Ma) |
---|---|---|---|---|---|
Fanarasóch | Caenasóch | Ceathartha | Holaicéineach | 0-0,0117 | |
Pléisticéineach | Tarantien | 0,0117–0,126 | |||
Iónach | 0,126–0,781 | ||||
Calábrach | 0,781–1,806 | ||||
Gelasian | 1,806–2,588 | ||||
Neoigineach | Pléicéineach | Piaicéansach | 2,588-3,60 | ||
Zancileanach | 3,60-5,332 | ||||
Méicéineach | Messineach | 5,332-7,246 | |||
Tortónach | 7,246-11,608 | ||||
Serravallach | 11,608-13,65 | ||||
Langhach | 13,65-15,97 | ||||
Burdigalach | 15,97-20,43 | ||||
Acatánach | 20,43-23,03 | ||||
Pailéogéineach | Olagaicéineach | Seatach | 23,03-28,4 | ||
Rúpalach | 28,4-33,9 | ||||
Eoicéineach | Priabónach | 33,9-37,2 | |||
Bartanach | 37,2-40,4 | ||||
Lúitéiteach | 40,4-48,6 | ||||
Ípriseach | 48,6-55,8 | ||||
Pailéicéineach | Tanatach | 55,8-58,7 | |||
Selandach | 58,7-61,7 | ||||
Danaiach | 61,7-65,5 | ||||
Méiseasóch | Cailceach | Uachtarach | Máistríteach | 65,5-70,6 | |
Campánach | 70,6-83,5 | ||||
Santónach | 83,5-85,8 | ||||
Cóiniacach | 85,8-89,3 | ||||
Turónach | 89,3-93,5 | ||||
Ceineamánach | 93,5-99,6 | ||||
Íochtarach | Albach | 99,6-112,0 | |||
Aipteach | 112,0-125,0 | ||||
Bairéimeach | 125,0-130,0 | ||||
Ótraíveach | 130,0-136,4 | ||||
Valangaineach | 136,4-140,2 | ||||
Beiriasach | 140,2-145,5 | ||||
Iúrasach | Uachtarach | Tiotónach | 145,5-150,8 | ||
Cimiritseach | 150,8-155,0 | ||||
Ocsfordach | 155,0-161,2 | ||||
Meánach | Calaitheach | 161,2-164,7 | |||
Batanach | 164,7-167,7 | ||||
Baiseocach | 167,7-171,6 | ||||
Álanach | 171,6-175,6 | ||||
Íochtarach | Tórcach | 175,6-183,0 | |||
Plíonsbachach | 183,0-189,6 | ||||
Sineamúrach | 189,6-196,5 | ||||
Heatangach | 196,5-199,6 | ||||
Triasach | Uachtarach | Raetach | 199,6-203,6 | ||
Nórach | 203,6-216,5 | ||||
Carnach | 216,5-228,0 | ||||
Meánach | Ladanach | 228,0-237,0 | |||
Ainisiach | 237,0-245,0 | ||||
Íochtarach | Olanacach | 245,0-249,7 | |||
Ionduach | 249,7-251,0 | ||||
Pailéasóch | Peirmeach | Lopingiach | Changhsingiach | 251,0-253,8 | |
Wuchiapingiach | 253,8-260,4 | ||||
Guadalupien | Capitaniach | 260,4-265,8 | |||
Wordiach/Casanach | 265,8-268,0 | ||||
Ródach/Ufimíneach | 268,0-270,6 | ||||
Cisuraliach | Cungúrach | 270,6-275,6 | |||
Artainsceach | 275,6-284,4 | ||||
Sacmárach | 284,4-294,6 | ||||
Asseliach | 294,6-299,0 | ||||
Carbónmhar | Pennsylvanien | Gasaileach | 299–303,9 | ||
Kasimovach | 303,9–306,5 | ||||
Moscóvach | 306,5–311,7 | ||||
Baiscireach | 311,7–318,1 | ||||
Mississippien | Serpukhovach | 318,1–326,4 | |||
Viséach | 326,4–345,3 | ||||
Túrnaeiseach | 345,3–359,2 | ||||
Deavónach | Uachtarach | Faiméanach | 359,2 - 374,5 | ||
Frasnach | 374,5-385,3 | ||||
Meánach | Givéatach | 385,3-391,8 | |||
Eighfealach | 391,8-397,5 | ||||
Íochtarach | Eimseach | 397,5-407,0 | |||
Prágach | 407,0-411,2 | ||||
Lochkovach | 411,2-416,0 | ||||
Siolúrach | Pridolach | 416,0-418,7 | |||
Ludlowach | Ludfordach | 418,7-421,3 | |||
Gorstach | 421,3-422,9 | ||||
Wenleach | Hóiméarach | 422,9-426,2 | |||
Sheinwoodien | 426,2-428,2 | ||||
Llandovereach | Telycheach | 428,2-436,0 | |||
Aeronach | 436,0-439,0 | ||||
Rhuddanach | 439,0-443,7 | ||||
Ordaivíseach | Uachtarach | Hirnantach | 443,7-445,8 | ||
Katach | 445,8-455,8 | ||||
Sandbach | 455,8-460,9 | ||||
Meánach | Darriwiliach | 460,9-468,1 | |||
Dapingeach | 468,1-471,8 | ||||
Íochtarach | Floien | 471,8-478,6 | |||
Tremadocien | 478,6-488,3 | ||||
Caimbriach | Furongiach | 10ú sealadh | 488,3-? | ||
9ú sealadh | |||||
Paibiach | ?-501,0 | ||||
3ú sealadh | Guzhangiach | 501,0-? | |||
Drumach | |||||
5ú sealadh | ?-513,0 | ||||
2ú sealadh | 4ú sealadh | 513,0-? | |||
3ú sealadh | |||||
Terreneuvach | 2ú sealadh | ||||
Luath | ?-542,0 |
Aeón | Ré | Tréimhse | Am ó shin (Ma) |
---|---|---|---|
Prótarasóch | Neoprótarasóch | Eidiacarac | 542 - ~630 |
Cryogenium | ~630 - 850 | ||
Tonium | 850 - 1000 | ||
Mesoprótarasóch | Stenaium | 1000 - 1200 | |
Ectasium | 1200 - 1400 | ||
Calymmium | 1400 - 1600 | ||
Paleoprótarasóch | Statherium | 1600 - 1800 | |
Orosirium | 1800 - 2050 | ||
Rhyacium | 2050 - 2300 | ||
Siderium | 2300 - 2500 | ||
Aircéach | Neoaircéach | 2500 - 2800 | |
Mesoaircéach | 2800 - 3200 | ||
Paleoaircéach | 3200 - 3600 | ||
Eoaircéach | 3600 - 3800 | ||
Háidéasach | 4567.3 ± 0.16 |