Allas

Tuaslagán caol salann (clóiríd sóidiam den chuid is mó) is móilíní beaga eile (ina measc úiré, aigéad lachtach, amóinia is eile) a thálann na faireoga allais atá i láthair i gcraiceann gach mamaigh. Is bealach eisfheartha salainn is nítrigine é. Nuair a ghalaíonn an t-allas ón gcraiceann, tarlaíonn cailliúint teasa. Tá cur allais an-tábhachtach chun teocht duine a rialú, ach tagann tart air dá bharr.[1]

Allas

Tagairtí