Aischothú
Próiseas ina n-iompraítear eolas (tugtar aischothú ar an eolas féin freisin) go dtí foinse an aschuir bhunaidh.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d5/Negative_Feedback_Gif.gif/220px-Negative_Feedback_Gif.gif)
Tháinig an téarma ón innealtóireacht agus córais rialú aischothaithe ar dtús.
Baineadh feidhm as sa chibirnitic, agus cuirtear i bhfeidhm é i meaisíní de gach saghas is i gcumarsáid ainmhithe is daoine.
Ligeann sé do sheoltóir monatóireacht a dhéanamh ar na teachtaireachtaí a glacadh, agus aon mhionathrú is gá a dhéanamh sa réadam.
Rialú aischothaithe
Próiseas ina ndéanann an córas féin a aschur a bhrath is a thomhas, agus na sonraí sin a ionchur sa chóras chun feidhmiú an chórais a athrú an t-am ar fad is aschur ar leith a sholáthar.
Samplaí
- Déanann an teirmeastat rialú aischothaithe ar theocht an tseomra. Tomhaiseann sé teocht an tseomra agus rialaíonn an téitheoir, á lascadh ann nó as, chun an teocht a choimeád cuibheasach tairiseach.
- Tá córais fhíorchasta ann ina bhfeidhmíonn ríomhaire chun na comharthaí braite a phróiseáil agus comharthaí stiúrtha a sholáthar don chóras chun é a athrú ar bhealach áirithe.
- Tá an-chuid córas rialú aischothaithe sa cholainn a rialaíonn matáin, altanna is teocht na colainne, rithim an chroí, rithim na riospráide, is eile.
- Tagann córais mar seo i gceist i gcúrsaí uathoibrithe is róbaitice freisin.[1]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f6/Op_amp_positive_feedback.svg/220px-Op_amp_positive_feedback.svg.png)
Coincheapa
- aischothú deimhneach
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f4/Boolean_model_of_the_negative_feedback_loop_involving_CycB_and_CDC20.svg/220px-Boolean_model_of_the_negative_feedback_loop_involving_CycB_and_CDC20.svg.png)
- aischothú diúltach
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/19/Simple_Feedback_02.png/220px-Simple_Feedback_02.png)
- sás aischothaithe féincheartaithe
Tagairtí
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchStáit Aontaithe MheiriceáAn Dara Cogadh DomhandaVicipéid:Séanadh ginearáltaAirgeadraVicipéid:Cúrsaí reathaSouth Park: Bigger, Longer & UncutRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Lárionad comhphobailAn VicipéidÉire (Poblacht na hÉireann)UEFA Euro 2024Vicipéid:CabhairCairistìona NicFhearghaisAn GhaeilgeVicipéid:Halla baileGerard ter BorchÍomhá:Application-certificate.svgLíomhánAlonso Pérez de Guzmán, 7ú Diúc Medina SidoniaLá BloomAn tAontas EorpachDaoine gealaVicipéid:RéamhráAn LibiaMediaWiki800COVID-19Stáisiún an Láir Béal FeirsteThe Reluctant Dragon (scannán)Saoradh na ngiall i Nuseirat agus damáiste comhthaobhach, 2024Baile Átha CliathIarnród Thuaisceart ÉireannShah Rukh KhanEdelweiss