Air France Eitilt 447
Ar an 1 Meitheamh 2009, thuairt eitleán A330 de chuid Air France, AF Eitilt 447, san Aigéan Atlantach agus í ar a bealach go Páras as Rio de Janeiro [1]
| ||||
Cineál | timpiste eitlíochta | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 1 Meitheamh 2009 | |||
Suíomh | An tAigéan Atlantach | |||
Cúis | mechanical failure (en) Feadán Pitot pilot error (en) | |||
Líon básanna | 228 | |||
Líon na marthanóirí | 0 | |||
Imscrúduithe ag | National Gendarmerie (en) agus Bureau of Enquiry and Analysis for Civil Aviation Safety (en) | |||
Maraíodh 228 duine in iomlán, triúr Éireannach ina measc.Maraíodh gach uile dhuine a bhí ar bord an eitleáin, triúr dochtúirí óga as Éirinn ina measc. B'in iad Aisling Butler, 26 bliain, as Ros Cré, Co Thiobraid Árann; Jane Deasy, 27 bliain, as Baile Átha Cliath; agus Eithne Walls, 28 bliain, as Béal Feirste.[2]
Cúiseanna
Ní bhfuarthas taifeadáin an eitleáin go ceann dhá bhliain i ndiaidh na tubaiste agus in 2012 chinn imscrúdaitheoirí eitlíochta gur earráidí a rinne na píolótaí ba chúis leis an tubaiste. Dúradh gur cuireadh na píolótaí dá dtreoir mar gheall ar fhabht a bhí sa trealamh monatóireachta luais.[2]
Cás dlí
Ba léir ón tús go riabh freagracht shibhialta ar Airbus agus Air France.
Ina theannta sin, sa bhliain 2021 cuireadh Airbus agus Air France ar a thriail faoi dhúnorgain neamhdheonach. Phléadáil an dá chomhlacht neamhchiontach sa chúis choiriúil, arbh é fíneáil €225,000 an pionós ba dhéine a d'fhéadfaí a ghearradh orthu faoi.[2]
Ar 17 Aibreán 2023, i gcúirt choiriúil sa Fhrainc, fuarthas an comhlacht déantúsaíochta eitleán Airbus agus an aerlíne Air France neamhchiontach i ndúnorgain neamhdheonach i dtaca leis an tubaiste.[3] Rialaigh an chúirt nach bhféadfaí a chruthú gur ar Airbus ná ar Air France a bhí an milleán faoin tubaiste. Ghlac an chúirt leis go raibh faillí i gceist ach nárbh ionann sin agus freagracht choiriúil. Ní leor nasc cúisíoch dóchúil le cion a chruthú, a dúirt an breitheamh.[2]