Adam Price
Is polaiteoir Breatnach é Adam Price. Rugadh é ar an 23 Meán Fómhair 1968. Tá sé ina cheannaire ar Phlaid Cymru ó 28 Meán Fómhair 2018, i ndiaidh dó an ceannaire tráthúil Leanne Wood a bhualadh i gcomórtas ceannais.
I measc a choda smaointe polaitiúla, mar ar leag sé iad amach i rith an chomórtais cheannais, tá comhlacht fuinnimh poiblí don Bhreatain Bheag, aistriú ó cháineadh ar ioncam agus ar chomhlachtaí i dtreo cáineadh ar thalamh, banc infheistíochta le caipiteal de £2 bhilliún, agus clár dearbhaithe poist.[1]
I Mí na Samhna 2019, mhol sé go gcruthófaí níos mó comhoibrithe idir na náisiúin Cheilteacha, agus é ag labhairt faoi thodhchaí na Breataine Bige i ndiaidh an Bhreatimeachta. Dúirt sé gur cheart banc infheistíochta roinnte idir na tíortha Ceilteacha chun tionscnaimh nua infreastruchtúir idir na tíortha a chothú. Agus é ag labhairt le RTÉ, dúirt sé freisin gurbh fhéidir go ndéanfadh an Bhreatain Bheag agus Éire níos mó comhoibrithe le tacú lena dteangacha dúchais, go háirithe le bealaigh nua a aimsiú chun cabhrú leis an bhforbairt eacnamaíochta sna Gaeltachtaí tuaithe agus i réigiúin tuaithe na Breatnaise.[2]