AK-47
Is raidhfil ionsaithe é an AK-47, nó an "Kalashnikov" (Rúisisː Автомат Калашникова) a bhaineann úsáid as urchar 7.62x39mm. Dhear Mikhail Kalashnikov an raidhfil san Aontas Sóivéadach sa bhliain 1945 don chéad uair, tamall gairid tar éis an Dara Cogadh Domhanda.[1]
![]() | |
Cineál | cineál airm tine ![]() |
---|---|
Tír bhunaidh | An tAontas Sóivéadach ![]() |
Eapainm | Mikhail Kalashnikov ![]() |
Stair seirbhíse | |
I seirbhís | ó 1949 ![]() |
Coinbhleacht | Laotian Civil War (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Stair táirgthe | |
Dearthóir | Mikhail Kalashnikov ![]() |
Iomlán a tháirgtear | 80,000,000 ![]() |
Sonraíochtaí | |
Mais | 4.3 kg ![]() |
Fad | 87 cm ![]() |
Armlón | 7.62×39mm ![]() |
Calabra | 7.62 mm ![]() |
![АК-47.jpg](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/32/%D0%90%D0%9A-47.jpg/220px-%D0%90%D0%9A-47.jpg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a4/Chinese_type_56_AK47.jpg/220px-Chinese_type_56_AK47.jpg)
Bíonn an AK-47 ar cheann de na dearaí is clúití agus is íocónaí riamh. Sna 2010idí, bhain beagnach leath de na hairm ar domhan le raidhfilí de dhéantús Kalashnikov.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/7e/AK47map.svg/220px-AK47map.svg.png)
Stair
Ba Mikhail Kalashnikov, Leifteanant-ghinearál in arm na Rúise, a rinne an AK-47 a dhearadh siar in 1945. Ach tá an ’47’ sin ag tagairt don bhliain 1947; tosaíodh ag táirgeadh an raidhfil den chéad uair sa bhliain sin.
Rinneadh go leor leasuithe ar an bhun-dearadh ó shin. Tá breis is céad milliún raidhfil den chineál AK déanta idir 1947 agus na 2010idí, agus tá leaganacha nua á dtáirgeadh i gcónaí.[1]
Tréithe
Tá an AK-47 éifeachtach, simplí agus láidir. Mar shampla, is féidir leis 30 piléar a scaoileadh i rud beag níos mó ná 3 soicind.[1]
Is féidir duine a thraenáil conas é a úsáid taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig.